Scoil: Carraig Uí Ulla (Carrigagulla), Baile na Groighe

Suíomh:
Carraig an Ghiolla, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Hanluain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0341, Leathanach 102

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0341, Leathanach 102

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig Uí Ulla (Carrigagulla), Baile na Groighe
  2. XML Leathanach 102
  3. XML “Eachtra Fionn Mac Cumhaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    buideál aige. "An dtugais leat iad" arsa bhean Sheachráin. "Tugas" arsa Fionn "Níor thugais" ar sise. "mar nách raibh sé d'uain agat" "Sheadh" arsa Fionn. "ní bheidheann d'á áitheamh ar a chéile acht blaisfead as agus má bhí maith ann riamh tá sé anois ann. Tháinig sí agus do shín sí le chéile gach aon chámh na ionad feín Fuair sí buideál agus do luigh ar é chuimilt.
    Fuair sí an dara buideál. Sul a raibh a leath caitthe aige dubhairt sí le Fionn go raibh an laigheas ceart aige agus gur ghaisgidheach gach aon órlach de. Fuair an triomhadh buidéal agus isa ann go raibh sé criochnuighthe aici do léim Seacrán 'na seasamh cómh slán cómh follaín agus a raibh sé aon lá dh'á saoghal. Dárduigh sé leis Fionn agus an Fhiann agus thug bhanais seacht lá agus seacht n-oidhche dhóibh. I gcionn an tseacthmhadh láe dubhairt Fionn gur mhithid dhóibh bheith ag trial ar an mbhaile agus dfhágadar slán agus beannacht ag Seacrán agus do gluaiseadar abhaile.
    Bhíodar ag siubhal chois na trágha agus do bhuail umpa bodaichín 'ga raibh culaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nora Sullivan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Áth na gCeannaithe, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Mr Denis Mac Sweeney
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 70
    Seoladh
    Baile na Graí, Co. Chorcaí