Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)

Suíomh:
Tuaim, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 280

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 280

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Toames, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 280
  3. XML “Na Bailte Fearainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    siar ar na gcinealacaibh darb ainm dóibh "Fodhráin" nó "Foran". Measaim mar sin gurb é an tarna fhuirm "Cnoc Fodhráin" nó "Foran's Hill" an brígh cheart.

    BAILE OIDHEANA
    Ar an dtaobh shíar de "Cnuc Chadhráin" ar an dteórainn tá "Baile Oidheana". Ta beál Oideas ag na sean daoine timcheall na h-áite seo go bhfuil oidhean óir i bhfolach in áit éigin sa bhaile seo. Táim le triocha blíana ag cúardach ins gach áit gur dóigh liom go mbeadh sé ach níor eirig liom é a fhágail fós. B'fhéidir go mbeadh an tádh liom úair éigin.

    MÓINEÁR AN CHOIMHISGIR
    Síar o "Baile Oidheana" tá Móinéar an Coimhisgir" ar a dtugtar "Moneycusker" anois. Deireann na sean daoine go mbéadh cluichí móra iomáinuíochta ins an móineár in aice na roilghe ins an tsean aimsir. Go dtí le déanaí bhíadh eagla ar na daoine gabháil thar an roilig nó cómhgarach don móineár seo i lár na h-oidhche. Deirtear go mbíodh na daoine marbh ag iománuíocht ins an móineár. Deirtear go dtógtaí iománaidhthe maithe as a leapacha chun imeartha leis na daoine marbh. Is dearbhathach go méadh "coimhisgear" is clampar na fuireanna núair bhídís ag imirt agus dá bhrígh sin tugadh Moíneár an Coimhisgir ar an mbaile fearann mórthímcheall na roilge.

    CÚL DHOMHNAILL
    Ar an dtaobh thúaidh de "Móineár an Coimhisgir" atá "Cúl Dómhnaill" ar a dtugtar "Cooldaniel" anois.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Tuaim, Co. Chorcaí