Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (uimhir rolla 16210)

Suíomh:
Céim an Fhia, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 028

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 028

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
  2. XML Leathanach 028
  3. XML “An Gorta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gurb ainm do Seán Ó Suibhne agus cailleadh seisear cloinne air i mbotháinín leis an ocras. Cuireadh i reilig an Ghúagáin iad gan chómhrainn. Chuaid Pádraig Ó Liatháin ón dTúirín le h-Árd agus é ’na gharsún isteach i gcabhlaichín a bhí ar an mbaile sin. Bhí bean bhocht shuarach ’na suí cois na tine. “Nách cruaidh an saol é,” ar sise leis leis an ngarsún, “sin é mo mhac marbh annsan le trí lá agus ná faghainn éinne a chuirfeadh é.” Cailleadh draoidheacht daoine ar Dhrom an Ailtigh le hocras. Fuaradh fear agus bean marbh i mbotháinín ar Céim Corach Buaile.
    Bhí fear gurb ainm do Dónall Ó Liatháin ’na chómhnadhe ar Ghoirtín na Coille timcheall míle ó Sráid Bhéal átha-’n- Ghaorthaidh agus d’inis sé an scéal seo leanas ar an méid a chonaic sé féin den Ghorta.
    I dtosach a shaoil bhí sé i n-aimsir sa taobh thoir de Pharóiste Thuath na Dromann. Bhí sé lá agus ocras mór air agus gan aon fhághail aige ar aon ghreim bídh d’aon tsaghas. Bhí roinnt éigin pinginí airgid aige i bpoll chlaidhe agus nuair a chruaidh air dob’ éigin do dul go dtí an claidhe agus na pinginí a thógaint agus aghaidh a thabhairt ar Mhaghcromtha chun bulóige aráin do cheannach. Thóg sé gach cómhgar a fhéad sé agus ar a ghabháil síos go barra Bhóthar na Sop bhuail bean uime go raibh aithne aca ar a chéile. Labhradar le chéile suim focal. “Tar i leith,” ar sise, “go dtaispeáinfidh me radharc duit.” Ghluaiseadar le chéile go dtí geata Tighe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gort Luachra, Co. Chorcaí