Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (uimhir rolla 16210)
- Suíomh:
- Céim an Fhia, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
- XML Leathanach 018
- XML “An Buachaill Díomhaoin (Robálaí)”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é gonta go ndeachaidh isteach i dtig éigin i nGleann Fleisce. D'iarr sé ortha an sagart a thabhairt chuige mar go raibh sé i mbaoghal a bháis. Do cailleadh é tamall gearr 'na dhiaidh san agus sar ar éag sé d'innis sé dhóibh go raibh lán cóta mná d'airgead i bhfolach i gCúm na nÉag agus gan anuas air ach scraith an tailimh. Do cuarduigheadar an Cúm an uair sin agus go mion minic ó shoin anuas ach theip ar aoinne an t-airgead d'fhághail.
(gan teideal)
“Bhí fear gurb ainm do Donnchadh Ó Cróinín ina chónaí ar Ghoirtín na Coille timpeall míle lastuaidh de bhéal an ghaorthaidh.”
Donnchadh Ó Cróinín ar a theicheadh i bFaill na Sróine i n-aice an Ghúgáin Barra Bhí fear gurb ainm do Donnchadh Ó Cróinín na chómhnaidhe ar Ghoirtín na Coille timcheall míle lastuaidh de Bhéal Atha an-Ghaorthaidh. Thug máthair Dhonnchadh airgead ar iasacht do mhuinntir Chárthaig a bhí na gcómhnaidhe ar Gort na Scairte timcheall míle taobh theas de Charraig an Adhmaid. Bhí sé ag teip ar mhuinntir Chróinín iachaint a chur ar Mhuinntir Chárthaigh an t-airgead d'ais-íoch dtaobh is gur iarradar go minic é. Shocruigh Donnchadh Ó Cróinín go dtógfadh sé roinnt beithidheach i n-ionad an airgid. Siúd fé dhéin Gort na Scairte é maidin áirithe agus beirt fhear eile na theannta. Ráinigh gur rug sé a(leanann ar an chéad leathanach eile)