Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0336, Leathanach 063

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0336, Leathanach 063

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 063
  3. XML “An Fear Macánta agus na Rogairí Dubha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do chaith an sean-duine seile amach ar lic an doruis agus do chaith fear a' tighe ceann eile anuas air agus do bhíodar ag déanamh san ar feadh tamaill mhaith.
    Ansan d'fiafruig an sean-duine dho bhean a' tighe an dtabharfhad sí aon nídh le n-ithe dho agus do tháinig náire a chroidhe ar an bhean agus do thug sí rud le n-ithe dhóibh laitreach.
    Ansan dubhairt an sean-duine le fear a' tighe dul go dtí an pháirc na raibh na ba agus ceann amháin a thabhairt leis ar an chlós agus gan é leogaint in giorracht órlach d'aoinne eile de's na buaibh.
    D'imthig an fear agus do dhein sé díreach mar a dubhairt an sean-duine leis a dhéanamh agus do thug sé an bó ar an gclós agus do chuaidh an sean-duine amach agus strath sé ribe as eirbeall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Chárthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Risteárd Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64