Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do chuaidh an bheirth aca go dtí an áit agus dubhairt an fear leis an sagart gur b'í an bhean chéadhna í.
Do chuaidh an sagart in-aonfheacht leis an fear aírís agus d'fan sé ann go dtí an tráthnóna agus do chuaidh an fear go dtí tigh na gcomharsan agus d'innis sé an sgéal go léir dóibh agus d'innis sé sin do's na comharsan eile go léir é.
Do tháinig na comharsain go léir le na chéile in 'na thig sin agus do chuaidh na comharsain go léir agus an sagart le na chéile.
Do thógadar leó an bhean piseóga agus do chuireadar síos i bpoll portuig í mar, ni leogfhad an sagart a oiread onóra a thabhairt de agus í do chuir sa roilig na gcuirfhead siad gach duine eile.
Ní ragadh an sagart abhaile an tráthnóna san gan an fear dul leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Risteárd Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí