Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 029
- XML “An Bhean Mharbh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá amháin do bhí sí ag dul amach i gcóir bacla móna nó rud éigin mar sin agus do bí sí ag gabháil amach an dorus ag do rug duine éigin uirthe agus dubhairt sí leí go raibh droch sgéal eile ag teacht ach níor éist an bhean leí in-aon-chor mar do cheap sí go raibh sí imthighthe as a mheabhara nó rud éigin agus gura 'bámhlaid' a bhí tairinge sa dorus agus do rug sé uirthe agus d'imtig sí leí agus an tuirim sin aice agus níor chuimhnig sí a thuille air an méid sin go ceann tamaill mhaith.
Cúpla seachtmhain n-a dhiaidh sin do buaileadh breoidte a fear agus do fuair sé bás ansan agus ní raibh aon fear acu na h-oibre a dhéanamh agus do bhíodar i gcruadhcás.
Do dhíoladar an feirm le mhuinntir Chriodáin agus d'imthig Máire agus a mháthair go dtí Seamuisín agus d'fanadar ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Risteárd Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí