Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhí an dá uaire an chluig caithte ní raibh na clocha briste ach ag aon fhear amháin. Do bhuail clog nuair a bhí an dá uaire an chluig caithte agus isé an cúis gur bhuail an clog ná ag glaodhach ar na príosúnaig isteach.
Do chuadar go léir isteach agus do bhí ana chathúghadh ortha go léir mar do bhí fhios acu go ngeóbhaidís go léir batráil. D'fhiafhruig píléir acu de bhean éigin ar dtúis an raibh na clocha briste aice agus dubhairt sí go rabhadar agus dubhairt sé léi dul amach i n-aonfeacht leis féin agus iad do thaisbeáint do.
Do chuadar amach agus do thaisbeáin an bhean na clocha do bhris an fear agus do bhí fhios ag an píléír nár b'í a bhris iad agus dubhairt sé léi go bhfaghadh sí batráil maith anois. Do chuadar isteach agus dubhradh leis an bhean dul suas go dtí seómra an bhualadh agus do thug sé páipéar di agus do bhí sgríbhte ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Chríodáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí