Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eile amuich agus do thaisbeáineadar na clocha dhóibh.
Annsan dubhairt duine acu leó thosnúghadh ar na clocha do bhriseadh agus muna mbeadh trucaill lán díobh briste i gcionn dhá uaire an chluig go n-aireóchaidís mar gheall air. Dubhairt sé leó ná déanfhadh truchaill lán de chlocha an gnó díobh go léir in-aon-chor ach trucaill lán de gach duine acu.
Do thug sé spúineóg beag éadtrom de gach duine acu chun na clocha do bhriseadh agus do bhí na clocha ana mhór agus throm. Do chuaidh an bheirt acu féin isteach annsan nuair a bhí an méid sin ráidhte acu agus do thosnuig na príosúnaig ag briseadh na clocha agus do bhí gach duine acu ag cur alluis agus ní h-aon iongnadh go rabadar ag cur alluis.
Do bhí cuid acu ag gol agus do bhí sé maith a dhóthain dóibh agus ní raibh aon truagh ag aoinne dhóibh mar mura mbeadh iad féin ní bheidis istig sa phríosún(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Chríodáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí