Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Márta go mbeadh sí sa bhaile ar a dó dhéag a chlog nó mar sin.
D'imthig sí léi annsan agus do chuaidh sí agus d'fhag sí slán ag a driofúr Nóra agus do chuaidh sí agus d'fhág sí slán ag daoine eile leis agus do chuaidh Nóra cuid de'n slíghe i n-aonfheacht léi agus do bhí ana chathúghadh uirthe na diaidh agus do bhí Siobhán ag gol.
Do chuaidh Nóra abhaile annsan agus do bhí ana chathúghadh uirthe i ndhiaidh a driofúr agus ní fhéadfhadh sí pioc a ithe an oidhche sin ach ag cuimhneamh ar Siobhán agus an príosún. Do bhí ana droch shaoghal ag Siobhán sa phríosún.
An céad lá a bhí sí ann níor dhein sí pioc agus an tarna lá do chaith sí bheith na suidhe ar a cúig a chlog ar maidin agus isé an rud a fuair sí i gcóir an bhreicfeast ná sáspan uisge agus crústa cruaidh arán agus nuair a chonnaic Siobhán ós a chómhair iad do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Chríodáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí