Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do bhí ana fhearg uirthe mar do cheap ná dearfhadh an bhean aon rud mar sin agus[?] do bhí sí a d'iarrraidh na h-uibhe do thabhairt airís annsan ach ní thógfhadh an bhean uaithe iad. Nuair a airigh Nóra an sgéal do bhí ana fhearg uirthe chun Siobhán.
Dubhairt sí léi gur mhór an náire[?] di bheith ag déanamh gach aon rud as an[?] slíghe mar sin agus ná dhéanfhadh sí aon maitheas d'aoinne ach díobháil i gcómhnaidhe.
Do chuaidh an bhean abhaile agus do chuaidh sí go dtí an siopa i gcóir na h-uibhe[?] as san amach agus do fuair sí margadh níos feárr ann ná mar a bhí sí ag fágail ó Siobhan Ní Chéilleachair.
Na h-uibhe a bhí sí ag fághail ó Siobhán[?] ar dhá sgilling an dosaon do fuair sí sa siopa iad ar sgilling agus réal an dosaon agus do bhí ana áthas uirthe. Do chaitheadh an bhean dul thar tig Siobhán agus í ag dul go dtí an siopa agus do chídhfheadh sí Siobhan go minic agus do [?] ana fhearg ar Siobhán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Chríodáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí