Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0645
- XML “An Firín Beag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)scoil i gcionn ocht lá mar go mbheadh sí ós chionn aoise.
Ní raibh aon éadaighe aiche ach na giobail. Do bhí dhá caoire achu. Dubhairt an máthair le na fhear lá na caoire a bhearadh di indiu.
Do dhein agus do nig sí an t-olann an lá san agus do dhein sí é chárdáil agus é sníomh.
Nuair a bhí sé sníomhte aiche do dhein sí é dheilbh agus é chiaradh agus é a shnámhad.
Nuair a bhí san déanta aice do dhein sí gúna deas di, nuair a bhí san déanta aice do fuair sí bláth a bhí ag fás air a nglaodhtar samh chun é dhathúghad.
Do chimil sí saghas coinne sméarad leis ansan. Do dhearnáil sí é ansan agus do bhí sé chómh deas le n-aon ghúna a cheannóchfá. Do chuir sí cnaipí deasa air leis. Do bhí saghas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Thuama
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ui Thuama
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 95
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí