Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 046
- XML “Seán Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann fadó agus bhí sé ag obair le feirmeóir. Nuair a bhí sé cúpla bhlain ann do bhí alán airgead aige agus dúbhairt sé go ragadh sé abhaile go dtí a athair agus a mháthair.
Nuair a bhí sé ag imteacht dubairt an feirmeóir go raibh obair mhaith déanta aige agus ba cheart díolaidheacht mhaith a thabhairt do. Do thug sé ór do agus nuair a bhí sé ag imtheacht abhaile chuir sé an t-ór isteach na h-aincisiúir agus do chuir sé ar a dhrom é.
Nuair a bhí sé tamall ó'n thigh an feirmeóir do chonnaic sé fear agus capall aige agus d'iarr sé air an dtabharfhad sé an capall do i gcóir an óir agus dúbhairt an fear do dtabarfhad agus thug sé an capall do agus do thug Séan Mór an t-ór do'n fear.
Do chuaidh Seán Mór in-airde ar an gcapall(leanann ar an chéad leathanach eile)