Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann uair agus do bhí sé chómhnuidhe i mBéal-Átha-An-Ghaoraigh. Seán Ramhar a thugadar air mar bhíodh sé ag ól fuisge i gcómhnuidhe.
Lá amháin do chuaidh sé go dtí an t-aonach[?] ag díol muca. Nuair a chuaidh sé ann d'iarr fear air an mór a bhí sé id' iarraidh ar na muca agus dubhairt sé ceithre púnt an ceann agus dubhairt an fear go raibh [?] ró-dhaor ansan d'imthig sé.
Ansan do bhuail fear eile uime agus do bhuail fear saidbhir uime agus d'iarr Seán air an gceanneochadh sé a muca uaidh.
Dubhairt an fear saidbhir go gceanneóchad agus do cheannuig sé na muca ar ceithre púnt an ceann. Ansan d'imthig Seán Ramhar isteach i dtigh tabhairne ag ól fuisge airís agus d'fan sé ann ar feadh an lae.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Donnabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Chéilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 32
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí