Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí tailliúir ann fadó agus isé an ainim a bhí air ná Jack. Bhí sé ana aerach agus bhíodh na daoine óga go léir na thímpeall. Bhíodh sé ag deanamh gach sashas spóirt ag na tighthibh tórraimh agus níor mhaith leis na sagartaibh í sin agus dubhradar le Jack gan bheith á dhéanamh a thuille.
"Go deimhin ní bheadh" arsa Jack ó dubhraís liom é. Ba ghairid na dhiaidh sin go bhfuair seana-bhean a bhí ar an mbaile bás. Bhí mórán daoine ag an dtórraimh agus ní raibh fhios acu cad ná thaobh ná raibh Jack ag teacht.
Bhí Jack ag obair go deanach an oidhche sin. Nuair a bhí sé ag dul abhaile do fuair sé dhá coinneall agus chuaidh sé go dtí fhuinneóg an tigh agus do chonnaic sé na daoine istig agus do connaiceadar é sin leis agus do cheapadar gur bé an diabhal a bhí ann.
Do bhí eagla ortha agus do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Liatháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí