Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'airig an buachaill é agus dubhairt sé leis. "Tabhair dom airgead nó marbeóchad tú ach níor b'fuiriste eagla do chuir ar an mbuachaill agus do dhein sé machtnamh na aigne féin.
Fé dheire do tharraing sé amach sparán agus do chaith sé ar an mbóthar é. Do léim an gaduidhe amach agus do shín sé síos chun an sparán a thógaint.
Le na linn sin do léím an buachaill suas ar an gcapall agus siúd chun siúbhail é i n-áirde ar saothar. Níor fhás puínn feír fé chosaibh an capall agus níor leig an buachaill air go stad sé san áit n'ar chómhnuigh sé chun gur bhain sé an baile amach.
Do chonnaic a mháighisteir ag teacht é agus siúd amach é féin agus an bhean feachaint cé bhí cúcha. Nuair a connaiceadar cé bhí cúcha bhí ana iongnadh ortha a mbuachaill féin.
Dubhardar leis an buachaill. Airiú cé tá ann an amhlaidh a dheinis capall do bhoin. A leithéid seo a thuit amach arsa'n(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Luasaig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Cúil na Cathrach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Maigréad Uí Chéilleacair
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Cúil na Cathrach, Co. Chorcaí