Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann fadó agus bhí sé ana-bhocht agus sé an ainm a bhí air ná Diarmuid Dubh. Maidin amháin do chuaidh sé amach agus do bhí sioc ar an dtalamh ní raibh aon bróg air.
Do bhí sé ag dul go dtí tig comharsa éigin agus nuair a bhí sé imtighthe leath do'n bhóthair[?] ní fhéadfhad sé suibhal a thuille agus ní[?] fhéadfhadh sé a chosa do chorruighe.
Do bhí sé ag dul casán cómhgar [?] an tíghe agus d'fan sé ansan go dtí go raibh an dorchadas ann agus gach oidhche do bheadh na daoine ag teacht go a dtigh.
Do bhí an tigh déanta de thuighe agus[?] bhí sé ana-bheag. Nuair a bhíodar ag teacht an casán cómhgar fé dhéin an tighe, chonnaiceadar an fear na luighe ar an dtalamh do cheapadar gur púca é agus do lasadar lasán agus sgannradh ag(leanann ar an chéad leathanach eile)