School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 260
- XML “An Spré”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Púnt ólta ag an mbuachaill.
B’éigin do dul ansan agus mála ar a dhrom aige ad' iarraidh déirce.
Bhíódh an cailín agus an buachaill ag troid i gcómhnaidhe ansan, mar gheall ar an gcéad púnt.
Ní thabharfadh aoinne pioc dóibh mar bhí fhios aca go n-ólfadh an fear é.
Aon lá amháin do thug bean éigin píosa feóla dhóibh agus dubhairt an bhean an fheóil do bheirbhiúghadh agus do dhein an fear an méid sin.
Nuair a bhí sé beirbhighthe d’ith sé é go léir agus níor thug sé pioc de‘n mnaoí agus nuair a tháinig an bhean abhaile dubhairt sí leis an fear blúire feóla a thabhairt dí.
Dubhairt an fear léi “For God’s sake I ate it all myself”, do thosnuighdear ag troid agus do fuair an bhean an sguab ba dhóbair gur mhairbh sí é.
Tháinig an mhaidean agus do shuibhal an(continues on next page)- Collector
- Siobháin Ní Scanaill
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Informant
- Domhnall Ua Seanaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí