Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 075

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 075

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 075
  3. XML “An Fear agus an Sprid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dorus ar oscailt roimpi agus do chuaidh an gadhair isteach ann. Nuair do chuaidh sí féin isteach ní raibh tásc ná tuairisc ar an gadhair ná ar an fear ach chómh beag.
    Do cheap sí sin gur suas an staighre a bhí sé ach níor b'ead már do chuaidh sí suas agus ní raibh sé suas ansan ach chómh beag. Do shuidh sí síos cois na teine ansan, agus do bhí sí ag cuimhneamh air cár imthig an fear. Do chuaidh sí a chodhladh agus nuair d'eirig sí ar maidin, do bhí bosca beag air an dtaobh amuich don dorus. Do chuaidh sí síos an staighre agus do chuaidh sí amach go dtí an dorus agus d'oscail sí é, agus do fuair sí an bosca ann agus do thóg sí isteach go dtí an tig é agus d'oscail sí é agus cad a cídhfeadh sí istig ann ach cat beag agus do bhí an cat ábalta ar labhairt. Dubhairt an bhean leis "A bfeacais mo fhear in-aon áit," dubhairt an cat léi "ní fheaca" dubhairt sé Nuair a bhíos ag gabháil thar an lios san thuas.
    Do bhí seanabhean ar an dtaobh amuich don lios agus dubhairt sí liom "gur guideadar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Noírín Ní Shuileabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Luasaig
    Inscne
    Baineann
    Aois
    67
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí