Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 074

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 074

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 074
  3. XML “An Fear agus an Sprid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    do thug an feirmeoir dhá scilling do. Do chuir sé an dá scilling isteach na phócha agus nuair a tháinig sé abhaile, do thug sé dá bhean é agus do bhí cúig scilling acu ansan.
    Do cuaidh sí sin amach agus dubhairt sí leis an fear "gan dul amach as an tig in-aonchoir mar go raibh sí féin ag dul go dtí an baile mór anois cun rudai eile d'fhághail ann."
    Dubhairt an fear léi "ná raghad sé amach in-aonchor go dtí go dtiocfhad sí sin isteach" do cuaidh sí go dtí an baile-mór agus do fuair sí té agus siucre sa t-siopa ceadhna agus do fuair an fear é.
    Nuair do bhí sí ag teacht abhaile do bhí an oidhche ann agus do chonnaich sí gadhar dubh ag rith ar an bóthar. Do bhí sí sin ag rith leis feachaint a bfeadfhadh sí teacht suas leis agus pé rud a dheanfadh sí do bhí an gadhar ró mhaith di.
    Do bhí an gadhar amach roimpi go dtí go dtáinig sí go dtí na thig féin agus do bhí an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Noírín Ní Shuileabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Luasaig
    Inscne
    Baineann
    Aois
    67
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí