Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 112
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do rith sé fé sgáth chrainn. Ní raibh sé abhfad ann nuair a chonnaic sé fear ar mhuin capaill báin ag teacht an bóthar chuige.
Do cheap sé ar dtúis gur duine den na cómharsain a bhí ann ach nuair a tháinig sé i n-aice leis dhein sé amach gur strannsaer a bhí ann. Nuair a tháinig an strannsaer chómh fada leis léim sé anuas den chapall.
Do bheannuig an bheirt acu d'á chéile agus thosnuigheadar a' cainnt. "Cá bhfuil do thriall?" arsan strannsaer leis an bhfear eile.
"Táim a' dul chun ruidín éigin a thuilleamh dom féin is dom bhean is dom chlann agus ní fheadar cá dtabharfad m'aghaidh".
"An maith airgead d'fhághail?" arsa'n strannsaer a' cuir gáir, beag tirm as.
"Ná dubhart cheana leat gur b'shin é(leanann ar an chéad leathanach eile)