Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Buachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 106

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 106

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
  2. XML Leathanach 106
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Dia linn is Muire is Rígh an domhain linn" arsa bean an tighearna talmhan.
    Do labhair an guth istig sa tig sin leis is dubhairt "gan Dia ná Muire ná Rígh an Domhain leat.
    Do bhí eagla uirthi dul isteach sa tig san leis agus d'imthig sí léi go dtí an tríomhadh tig. Do chaith sí í féin ar an dtalamh os cómhair an tighe amach.
    "Go bhfóiridh Dia orm," ar sise. "Amen, is a Mhuire Mháthair" arsa'n guth istig. Do chuaidh sí isteach go dtí an tig sin.
    Do bhí mílte fáilte ag muinntir an tighe sin roimpe. Do bhíodar a' cainnt ar feadh tamaill agus annsan d'fhiafruig sí dhíobh cad é an chúis ag na daoine eile chúiche agus d'innis sí a sgéal dóibh mar gheall ar cad dubhairt na daoine a bhí istig sa dhá thig.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0403: The Black and the White Bride
    Teanga
    Gaeilge