Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 096
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Béarla ag rith trí n'aigne. Tar éis do siubhal ceathramhadh uaire chloig eile a chuir de d'airig sé fothrom éigin ar an dtaobh istig de'n claidhe. D'fhéach sé isteach agus is amhlaidh a bhí fear a' treabhadh istig i bpáirc agus bhí ceann de'n na capaill imthighthe síos air.
Bhí truagh ag an bhfear ó Bheanntraighe dho agus do chuaidh sé suas chuige is dubhairt "I wish you joy".
Nuair airig an treabhadóir é sin tháinig árd fhearg air agus siúd chun siubhail tímpeall na páirce é i ndiaidh an fear ó Bheanntraighe.
I gcionn tamaill d'fhan an fear ó Bheanntraighe leis an dtreabhadóir go dtí go dtáinig sé suas leis.
D'iarr sé maitheamhnachas air mar(leanann ar an chéad leathanach eile)