Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 057
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis.
Sé an socrú a bhí acu le déanamh ná deich bpúint an duine a thabhairt do ar coingeall ná neosfadh sé don duine uasal gurab' iad a bhí cionntach.
D'imthigheadar suas cuige agus d'innseadar dho gurab' iad féin a ghoid an t-ór. "Bhí a fhios agam gur sibh a ghoid é" arsa Seán. "Táimid chun deich bpúint fichead a thabhairt duit" ar siad san "ach ná sgéidh orainn".
"Ó tá go maith" arsa Seán "ach tugaidh dom an t-airgead ar dtúis agus annsan socróchad an sgéal libh".
D'imthigheadar leó agus geallaim dhuit muna raibh deithneas ortha ní lá fós é. Fuaradar an t-airgead agus thugadar thar nais go dtí Seán é.(leanann ar an chéad leathanach eile)