Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 049
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mac na baintreabhaighe, mar d'á mbéadh do chídhfá Flathas Dé mar a chonnac sa".
Do chomáin an fear eile leis ag innsint a pheacaí go dtí sa deire dubhairt sé "tá próca óir agam fé'n leabaidh".
"Ní fada anois go bhfeicir Flathas Dé" arsa'n fear eile is do tharraic sé an dreimire agus do thacht sé an t-árd ghadaidhe.
Nuair a tháinig na gadaidhthe eile agus nuair a chonnnaiceadar an tárd ghadaidhe a' crochadh dubhradar gurab' amhlaidh a croch sé é féin. Do fuair mac na baintreabhaighe an próca óir.
Nuair a fuair sé an tór d'imthig sé leis abhaile go dtí a mháthair mar a raibh fáilte is fiche roimis agus mhair sé féin is a mháthair go seascair i gcaitheamh a saoghail.