Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Buachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 048

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 048

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
  2. XML Leathanach 048
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Ó", arsa'n fear eile "táim tar éis m'fhaoisdin a dhéanamh agus do chonnac Flathas Dé."
    "Cad é an saghas áite é?", arsa'n tárd ghadaidhe. "An áit is deise a d'fhéadfá a fheiscint " arsa mac na baintreabhaighe.
    "An leogfá dómhsa é fheisgint leis? " arsa'n tárd ghadaidhe. "Leogfad gan amhras" arsa mac na baintreabhaighe ach caithfidh tú teacht suas annso agus an téad so a chuir tímpeall do mhuiníl".
    Do chuaidh an tárd ghadaidhe suas ar an dréimire agus do chuir sé an téad tímpeall a mhuiníl fé mar a dubhairt mac na baintreabhaighe leis.
    Do thosnuig sé ag innsint a pheacaí do Dhia, "ach" ar seisean "ní fheicim Flathas Dé fós". "Níl gach aon rud innste fós agat arsa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge