School: Baile Mhúirne (B.) (roll number 15346)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Teacher: Donncha Ó Buachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (B.)
- XML Page 046
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do cheangail sé an caora amuich agus d'imthig sé leis isteach sa ghort a' d'iarraidh an chinn eile.
An fhaid a bhí sé istig do léim mac na baintreabhaighe amach agus do thóg sé an caora leis. Nuair a tháinig sé abhaile go dtí an árd ghadaidhe do thaisbeain sé an caora dho.
D'fhéach an t-árd ghadaidhe air agus iongnadh air is dubhairt "do bhuaidhis ar a bhfeaca sa riamh de phríntísigh tán tú chómh glic san".
Nuair a tháinig an príntíseach abhaile d'iarr an t-árd ghadaidhe de cad na thaobh gur leog sé don fear eile an caora a ghoid uaidh airís.
"Ní fheadar cad é an donas a bhí orm" arsa'n fear eile agus d'innis sé don ghadaidhe conus a bhuail an fear eile an bob air.
"Tá sé ró ghlic ar fad duit(continues on next page)