Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 044
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)roimis san.
"Cheapas" arsa'n tárd ghadaidhe "ná féadfadh aoinne bheith níos glioca ná tu ach ar nóin do bhí abhfad." "Ní fheadar conus a sgiob sé leis í ach tóg m'fhocal air ná thuitfidh sé sin amach airís".
I gcionn roinnt seachtmhainí eile do bhí caora eile a' teastáil uatha agus dubhairt an t árd gadaidhe leis an bpríntíseach dul agus caora eile a thabhairt leis an oidhche san.
Nuair a bhí an príntíseach ag imtheacht dubhairt an t-árd ghadaidhe leis go raibh súil aige ná leogfadh sé an caora imtheacht chómh bog uaidh an oidhche san agus a leog sé di imtheacht roinnt seachtmhainí roimis san.
"Níl aon baoghal uirthe an oidhche so" arsan fear eile agus(leanann ar an chéad leathanach eile)