Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 041
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mac na baintreabhaighe.
Do bhí príntísig ag an árd ghadaidhe ar feadh trí nó a ceathair de bhliantaibh roimis san agus gan amhras do cheapfadh aoinne go mbeidís san abhfad níos glioca ná an príntíseach a bhí acu le cúpla mí.
Ach ní mar sin a bhí agus ba ghearr leis go bhfuair an tárd ghadaidhe é sin amach. Nuair a bhí an príntíseach nuadh ann roinnt míosa aon la amháin dubhairt an tárd ghadaidhe le ceann den na príntísig "Téir amach anocht agus ghoid caora dhúinn".
Bhí an príntíseach óg ag éisteacht agus dubhairt sé leis an árd ghadaidhe "ghoidfead-sa an caora uaidh san anocht".
"Ní feidir leat é " arsa'n t-árd ghadaidhe "tá sé sin ró ghlic ar fad duit se a mhic ó". Ní dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)