Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 037
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)féasta.
Nuair a bhí an féasta i leath taoibh do tháinig an chóiste suas go dtí an doras agus thóg sé leis an seana bhean Tomás is a bhean agus do mhaireadar go seascair na dhiaidh san.
Nuair a tháinig breoidhteacht an bháis ar an sean duine ní leogfadh se d'aoinne aire a thabhairt do ach Tomás is a bhean.
Do chuir sé fios ar a bhean féin agus dubhairt sé "táim bhúr bhfágaint anois agus tá súil agam go maithfidh sibh go léir dom i dtaobh as go rabhas chómh dian ar Tomás agus b'é Tomás a fhág go seascair sinn i ndeire ár saoghail."
Do fuair an sean duine bás agus do cuireadh go galánta é. Tar éis na socraide d'imthigh Tomás, a mháthair, is a bhean go dtí a bhaile fein agus do(leanann ar an chéad leathanach eile)