Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 031
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)muna mbéadh do mháthair ní leogfainn isteach tu, do chuirfinn tu san áit na rabhais cheana".
Do rith Tomás agus a athair na dhiaidh, agus an gunna ag an sean-duine do chómaineadar leó mar sin Tomás ag rith is an athair na dhiaidh go dtí go raibh tuitim na h-oidhche ann ach sa deire d'airig an sean-duine fothrom cóiste a' teacht suas go dtí an tig agus tháinig bean uasal amach as.
Ba ghearr gur tháinig bean a' tighe go dtí an athair chun a rádh leis go raibh an tighearna talmhan tar-éis teacht chúchu ar a cuaird.
Do dhearmad sé mar gheall ar Tomás, agus mar gheall ar na banbhaí do bhí chómh tógtha suas san leis an tighearna talmhan.
Tháinig an t-athair isteach agus bhí ana bhruid air chun gach aon rud a bheith ceart aige i gcóir(leanann ar an chéad leathanach eile)