Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 025
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i seomra beag chun an seana chulaith éadaig a chuir air.
Nuair a bhí an culaith air tháinig sé suas go dtí an bean agus d'fhiafruig sé di an raibh aon seana bhróga aici a thabharfadh sí dho.
Dubhairt bean a' tíghe ná raibh. "Tá go maith" arsa Tomás "déanfad an gnó gan iad". Do bhí bean a' tíghe a' feachaint air agus nuair a chonnaic sí é agus an seana-chulaith éadaig air bhí a fhios aici gurbh' é Tomás a bhí ann. Do chonnaic sé sean hata caithte ar an gcathaoir ná raibh pioc de le na chéile.
"An bhfuil aon tairbhthe annsan?" arsa Tomás. "Airiú níl" arsa'n bhean "sin seana hata a bhíonn agam ag séideadh an teine".
Do chuir Tomás an seana hata air agus do thug leis suas ón seomra a chulaith éadaig féin idir bróga, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)