Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Buachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 024

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 024

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
  2. XML Leathanach 024
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sa deire do shocruigheadar go raghfadh Tomás abhaile agus go leanfadh an bhean é i gcionn seachtmhaine. Sé an nós a bhí ann annsan ná go raghfadh an tighearna talmhan go dtí gach tineontaidhe uair ins na seacht bliana.
    Aon maidin amhain do ghluais Tomás leis abhaile.
    Ar an slighe roimis do bhí gréasaidhe na chómhnuidhe agus do chuaidh Tomás isteach ann. Do bhí bean a' tighe istig roimis, do bhí aithne aici siúd ar Tomás sar ar fhág sé an bhaile ach go deimhin ní raibh aithne aici air nuair a tháinig sé thar nais. D'fhiafruig sé dhi féachaint an raibh aon seana chulaith éadaig aici a bhéadh go léir stracaithe.
    "Airiú a laogh" arsa'n bean "níl aon chulaith éadaig agam ach an seana chulaith so agus ní dhéanfadh sé sin an gnó d'aoinne".
    "Ó", arsa Tomás "sin é an culaith a oireamhóchadh mé". Do chuaidh sé isteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge