Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 017
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)socrú le déanamh agam a mhic ó ach tá boiscín annsan fé'n leabaidh agam agus gan amhras fágfad-sa le h-uathacht an méid atá istig ann agat féin agus ag do bhean. Ach tabhair do geallamhaint dom ná h-oscalochaidh é go dtí go mbead sa curtha."
"Bíodh na margadh" arsa'n mac "ach beidh brón ró mhór orainn ad' dhiaidh chun bheith ag oscailt aon bhosca nuair a thiocfam abhaile". Cúpla lá na dhiaidh san fuair an sean-duine bocht bás agus geallaim dhuit go raibh sé níos mó mar pósadh ná tóramh. Do bhí a dhóithin le n'ól agus le n'ithe ag gach aoinne.
Do tháinig lá na sochraide agus do
tógadh an sean-duine bocht go dtí an roilig. Níor fhan an mac ná a bhean go dtí go raibh sé curtha do bhí a leithéid sin dúil acu ar an rud a bhí sa bhosca do shíleadar go mbeidís saidhbhir go bráth.
Do thógadar amach an bosca agus níor fhanadar chun an glas a bhaint di. Do fuadar tuagh agus do bhriseadar clúdach an(leanann ar an chéad leathanach eile)