Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 016
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an mbosca agus do chuir sé i bfolach fé'n leabaidh é. Tamaillín beag na dhiaidh san do buaileadh breoidhte an sean-duine agus bhí baoghal báis ann mar bhí an fear bocht ana chríonna.
Do bhí áthas ar fear a' tighe is a bhean i dtaobh an sean-duine a bheith ag fághail bháis mar cheapadar go raibh ana chuid airgid aige agus nuair a gheobhadh sé bás go bhfágfaí an t-airgead go léir acu féin.
Níor liogadar ortha go raibh aon áthas ortha mar gheall ar an sean-duine a bheith a' fághail bháis ach go raibh brón ortha mar d'eadh.
Do cuireadh fios ar an sagart chun an ola dhéanach a chuir ar an sean-duine . Dubhairt an sagart leis annsan dá mbéadh aon uadhacht aige le deanamh é dhéanamh mar go raibh sé chun bás d'fhághail.
Do ghlaoidh an sean-duine isteach ar a mhac agus dubhairt sé leis . "Níl aon(leanann ar an chéad leathanach eile)