Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 003
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt an sean-duine go dtabharfadh sé a aghaidh ar a inghean. Nuair a chonnaic an inghean a' teacht é do rith sí amach na choinnibh agus do chuir si a dhá láimh mór-thímcheall air agus do thóg sí isteach abhaile é agus thug sí an biadh ab'fhearr sa tig do.
Nuair a tháinig an tráthnóna dubhairt an sean-duine a leabaidh a chóiriú i seomra an bhainne. "Ó, a dhaid " arsa an inghean "bhéadh an áit san ró fhuar duit". "Ní bhéadh go deimhin " arsa'n sean-duine.
Do cóirígheadh an leabaidh agus nuair a tháinig an oidhche do chuaidh an sean-duine a chodladh.
Amach san oidhche d'eirigh an sean-duine agus níor fhág sé aon phioc de'n úrlár ná gur dhoirt sé bainne ann. Nuair a eirig an inghean ar maidin agus nuair a chonnaic sí cad a bhí déanta ag an sean-duine , dubhairt sí "faire fúm a dhaid is dócha go bhfuileann tú leathta tar éis eirighe(leanann ar an chéad leathanach eile)