Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 161
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Peig Ní Luana" an bean feasa go raibh an trácht is mó uirri sa cheanntar so...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    mhór an iongnadh leis go raibh sé de díth-chéíle ar éinne bheith ag tógaint cómhairle ó "Cearc an-Frupa." B'in an ainm do thug sé uirrí. Bhí Peig in áít éígin tímceall an Bhárlinn an tráthnóna ceadna agus do h-ínnseadh di cad dubhairt an sagart. "Fan" ar sise "agus bféidir ná glaodhfeadh sé "Cearc-an-Frupa" ormsa an Domhnach seó chúghainn. Fan go maidean Dia Ceadaoin agus chídhfear go mbainfear preab as. Bhí an sagart céadna tar éis capall do cheannac agus thug sé suas le deich púnt fhícead air. Maidean Dia Ceadaoin nuair d'oscail sé doras an stábla bhí an capall marbh roimis. Ambasa má bhí éinne ná chreid go raibh cómhact ag na daoine maithe gur chreideadar annsan é.
    Go mion a's go minic thugadh sí cómhairle do dhaoinibh do théígheadh ag triall uirri a rádh le na gclann gan bheith amuigh tar éis a deich a chlog istoidhche gan gnó; gur as san amach do bhíodh na pucaí agus na daoine maithe le feiscint, go raibh sé na ámh chodhladtha do bheóibh agus am siubhail do mharbaibh acht bhídís amuigh agus chíí na pucaí má b-fíor iad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Seo sgéalta d'airigheas i dtaobh neithe do choimhacthas.

    Seo sgéalta d'airigheas i dtaobh neithe do chonnhacthas.
    Bhí fear ag gabháil an leact ó thuaidh ó'n gCaolcuill oidhche na aonar act ba gheárr do bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge