Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 144
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    San t-sean-aimsir bhí smacht dian ag gach athair agus máthair ar a gclann.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    muinntir cleamhnas do dheanamh dóibh bhidís ag púirthig agus ag séideadh na hadhairce chum iad do chrádha. Ar an gCaolcuill do dheintí amrán dóibh siúd nár phós agus ghlaodhtaí "The Skellig List" air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Cois teine nách mór gach oidhche san nGeimhreadh nuair bhíodh na buachaillí bailighthe le chéile...

    Cois teine nách mór gach oidhche san nGeimhreadh nuair bhíodh na buachaillí bailighthe le chéile i dtig éigin iseadh do hínnstí ná sgealta i dtaoibh an phúca, agus na neithe do chonnacthas in a leithéid seó nó a leithéid siúd d'áit agus go ndeintí tagairt dos na sidheóga act ní hé sin an ainm do thugtaí orra act "Na Daoine Mhaithe. Deireadh na sean-daoine nár cheart sidheóga do ghlaodhach orra, agus ní baoghal ná go bhfaigheadh garsún nó cailín bheag batráil bhreágh da gcloiseadh a nathair nó a mathair iad ag glaodhach aon ainm eile orra ach na Daoine Maithe. Deirtí gur ins na liosanna iseadh bhídís agus gur o'n a do-deug istoidhche go dtí glaodhach an choillig - a trí a chlog ar maidin - an t am go mbidís amuig. - acht ná beadh duine saor uatha ó théigheadh an ghrian fé um thráthnóna go mór mór nuair beadh tuitim na h-oidhche ann. Ba dheacair a deanamh amach cé'r bhiadh féin acht b'é an gnó is mó do bhíodh ar siubhal aca ná ag sciobadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge