Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)
- Suíomh:
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caolchoill
- XML Leathanach 128
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear na cómhnuidhe ar an Snámh...”
Bhí fear na cómhnuidhe ar an Snámh-áit atá cois fairrge, agus leath-slighe idir Beanntraighe agus Gleanngarbh. Seán Ó Drisceóíl dob ainm do agus Saor-cloiche do beadh é. Fille dob eadh é leis agus ins na h-amráin dá ndeineadh sé is ag moladh daoine bhíodh se. Dhein sé amrán do féin uair agus seó bheara de.:-"Sé deireadh an paisde go moc le na mháthair
Tá Drisceóíl ó'n Snamh annso againne
Tabhair ím agus arán do
Agus saill muice báine
Buideál na láimh agus gloinne
Mar do thógadh sé an bárr leis
Mor-thímceall an tSnámha
Mor thímceall an tSnámha a's Ghleanngarbh
Aníos Bán-na gcaorach agus Tuirinín-na-Gréine
Mar bhí an "notion" na láimh
Ag an nduine."