Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 109

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 109
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Dá mbeithfeá ag cainnt le haon t-sean-duine nó sean bhean sa cheanntar so...

    Dá mbeithfheá ag cainnt le h-aon t-sean-duine nó sean bhean sa cheanntar so agus do mbeitheá ag cur na sean-daoine do mhair fadó i gcompráid le buachaillí agus cailiní an lae indiu - isé an chead rud dearfhadaís ná go bhfuil an nádúr imthighthe as na daoine ar fad, gur cuma no chéile iad féin agus na beithig atá amuigh sa pháirc, acht gur mó an nadúr atá ins an mbeitídheach.
    Dá mbeadh duine breoídthe nó an ceann-síos ar dhuine bheadh na cómharsain chuige isteach ag cur a thuairisge nó ag deanamh cómh bhroín leis agus nuair gheibheadh duine bás ní dh'eanfhadh aon chómharsa timcheall air leath h-uair a' chluig do thabhairt ag obair faid a bheadh duine á thorramh ná ní ceadófaí d'aon buachaill ná cailín amrán do rádh na rinnce do bheith acu go mbeadh an duine sin leath-bhliadhain sa chré. agus ba chuma ciacu duine óg do cuirfí nó sean duine criodhna liath. Bin é an nós do bhí i ngleann an Bharlinn agus ins an gceanntar go léir deic mbliadhna ficead ó shoin agus roimis. I ngach gleeann do bhí bean nó beirt bhan agus nuair thagadh an bás ar éinne do bhí sa ghleann do cuirtí iarraidh orra chum é do níghe agus chum an aibíd do chur air agus é leagaint amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. bás (~1,076)
    Teanga
    Gaeilge