Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 107
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Anuas tríd an gcoill atá ins na lisiní atá sruthán uisge...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus an t-Ávé-Máíre deich n-uaire i ndiaidh chéíle. Tá sgeach ceathair nó chúig de slataibh síos ó'n dtobar, agus ar agaidh na sceiche sin do chuadhas ar mo glúiníbh an ara h-uair agus dubhart an Paidir agus an t-Ábhé-Máire fice uair i ndiaidh chéile. Ag an dtobar dubhart na paidreaca ceadna dachad uair i ndiaidh chéíle. Nuair bhíodar san ráidhte agam chuadhas isteach 'san reilg agus dubhart an Coróín-Muire ar son anam na marbh go leir. Thánag ar ais go dtí an Tobar arís agus dubhart dhá Choróín-Muire. Dolás cuid de'n uisge agus cimilígheas an chuid eile de (?) féín. Chuadhas isteach san reilg arís tar éís phiosa de chóírdín de cheangal ar an sceich agus dubhart Coróin-Muire eile ar son anam an té is déidheannaighe do cuireadh ann. Bhí mo thuras tabhartha agam agus geallaim duith gurbh amhlaidh mar a bhí an sgéal agam um an dtaca so go raibh mo theanga agus mo carball ceangailte dá chéile agus ná feadfhainn paidir ná cré do rádh.
    D'airígheas gur leighiseadh garsún ann uair. Bhí bean ar an Áthil. Bean Uí Ceallacháin dob ainm di. Bhí mac aice do bhí seact mbliadhna daois. Ní raibh cainnt ná siubhal aige. Do thóg sí leí e lá Féile Muire go dtí Tobar Muire. Bain si dhe a raibh air agus dhein sí é thomadh ins an dtobar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge