Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 101

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 101
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Dubhart gur i gCillineach do cuirtí na leanbhaí....

    XX
    Dubhairt gur i gcillineach do cuirtí na leanbhaí do gheigheadh bás agus gan ach báisde úrláir tabhartha dhóibh agus seo sgéal d'airígheas ó'm athair conus már ar cuireadh i núil do dhaoine gur sa reilg gur cheart iad do chur.
    Bhí bean ann uair agus bhí cúigear leanbh léi tar éis bás d'fagháil. Bhí ceathrar acu cúpla bliadhain nó trí d'aois nuair do cailleadh iad agus cuireadh i reilg iad. An cúigeamhadh ceann níor mhair sé act cúpla uair a'chluig tar éis teacht ar an saoghal do. Ní bhfuair sé act baiste úrláir agus i gcillineach do cuireadh é. Do buaileadh an bhean feín breóidhte nuair do bhí sí deich mbliadhna a's trí fichid nó suas leis. Bhí sí go h-olc agus cuireadh iarraidh ar an sagart chum an "Ola Dheídheannach do chur uirrí. Bhí sé i gcómhrach lae a's oidhche nuair tháinig an sagart agus bhíodh na sagairt an tráth úd com eolgaiseach le haon doctúir agus dubhairt an fear so gurbh é a thuairm feín ná mairfheadh sí go maidean. Tar éis uair a chluig do chaitheamh ag cainnt le muinntir an tighe d'imthig sé leis abhaile.
    Ní raibh ach míle slighe curtha dhe aige nuair do chonnaic sé soillse ag teacht na choinnibh. Cómhaireamh sé iad agus bhí cúig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge