Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 099

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 099

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 099
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí aon dream amháin ná cuirtí i reilg fadó...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí bean i mbeal dorais againn sa bhaile - bean gan ainm anois - agus bhí sí scoth aosta go maith nuair do rugadh mise agus d'airigheas í ag innsint conus mar ar chaith sí dul ar an bport cúpla lá roimh Nodhlaig gan bróg gan stoca agus cliabhán móna do thabhairt abhaile léí. Sé an áit go raibh an port acu ná ar an nDoire-Clutmhar agus bí sé breis agus míle go leith ón dtig agus gach coiscéím abhaile i gcoinnibh an chnuic. Nuair chaith sí an ciseán móna di níor dhein sí ach dul isteach agus luighe sa leabhaidh agus saoluigeadh leanbh mic di. Ba dheacair liom é chreideamaint mar bhí aithne mhaith agam-sa ar an aít gur chaith sí gabháíl le ualach de mhóin dubh fliuch go raibh ós cionn cead meádcaint ann.
    D'airígheas ó'm mháthair fein conus mar chuaidh mó sheanmáthair Maire Ní Chróínín - no Maire Mhór mar a glaodhtaí uirrí go Beanntraighe de shiubhal a cos uair - agus go deimhin tá an turus ó nár dtigna to Beanntraighe trí mhíle dheug má tá sé coiscéim - chonus mar ar thóg sí léí abhaile ag siubhal cheithre chlocha de mhin bhuide, dhá chloch phlúir agus pithiliní eile agus ná raibh ach a rádh gur thug sí na cosa isteach thar táirsigh an dorais léi nuair do rugadh mach di - mac d'fás suas na fhear groidhe láidir. Agus arís d'airigheas scéal eile i dtaobh mná do bhí na chómhnuidhe ar an Mhoing Mór - áít atá ar an dtaobh thuaidh de ghleann an Bharrlinn i gCiarraidh - do chuaidh de siubhal a chos go Beanntraigh uair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge