Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 098

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 098

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 098
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí aon dream amháin ná cuirtí i reilg fadó...

    (XIX)
    Bhí an dreamh amháín ná cuirtí i reilg fadó act le blianta anuas cuirtear b'iad san na leanbhaí do bhí marbh nuair do saoluigheadh iad, nó na leanbhaí do fuair bá láithreach tar éis teact ar an saoghal dóibh agus san tsean-aimsir na leanbhaí ná raibh ach baiste úrláír tabhartha dhóíbh nuair do cailleadh iad. Is i gcillíneach is eadh cuirtí iad. Is beag gleann ná raibh cillíeach ann agus d'réír mar tuigtear dómhsa is beag baile ná go raibh páirc éígin go mbíódh cillíneach i gcúinne dhi. Sé an fáth go ndeirim sé sin na so:- In ár dtig-na nuair do thagad beirt nó triúr de mhnáibh an ghleanna isteac aon uair ag feiscint duine breóídhte b'féidir - agus go mbeidís ag tráct ar an muirighin do bhí aice seo no aice seo no aice siúd de mhnaoi - d'earfhadh duine acu go raibh dhá-fear deug clainne aice bféidir agus dearfhadh bean ná raibh. Bheidí ag áiteamh ar a chéílle duine acu ghá rádh go raibh agus duine no beirt ghá rádh gá raibh. Nuair thosnuighdís ghá gcóimhreadh do thuigim uatha go raibh a leath marbh nuair a saoghaluistí iad agus go rabhadar curtha i gcúinne éígin de'n bhaile ach b fhéídir gurbh amhlaidh nár thógas suas i gceart é. San tseana-shaoghal ní thóghadh bean aon t-sórt ainm de leanbh marbh do bheith aice nó beirt nó triúr agus níorbh ioingnad go mbidís acu mar chaiteadar oibriughadh go cruaidh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge