Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 094

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 094

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 094
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Deich mbliadhna agus dachad ó shoin agus roimis sin is dhócha bhí a lán daoine sa pharóisde seo...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chuaidh socraidh cum na reilge lá agus bhí bean san tsochraid sin 'ná raibh a h-ingean curtha ach seactamhain roime sin. Chuaidh sí cum cúphla paidir do rádh uirri ach má chuaidh thug sí fé ndeara go raibh rud éigin bun os cionn go raibh an uiadh mar bheadh sé tar éis tuitim isteach agus bhí fhios aice ná féadfhadh ná fóid bheith tar luighe ar a chéile chómh mór san agus gan an cailín curtha ach seactmhain. Chuaidh sí ar a glúinibh agus dubhairt sí a paidreaca. Nuair do bhí sé ag filleadh chum dul amac ar an mbothar b'éigin dí uaidh eile ná raibh deanta acht seactmhain do chrosadh. Pé chuma gur sheasaibh sí ar an uaig chuaidh sí síos tríd. Do leath-a-súile ar na daoine do chonnaic í. Ní eireóchadh léi teacht amach as go deo mar a mbeadh breith ar láímh uirri agus í tharrac amach. Bhí iongnadh ar gach eínne act ní dubhairt eínne focal.
    Nuair chuaidh sí abhaile d'innis sí dá fear é. Amáireach tháínig sé féin agus beirt mhac leis chum na reilge agus d'oscaileadar an uiag in a raibh an ingean curtha acht má dheineadar ní raibh corp ná cómharta istig san uaig. D'oscaladh an uaidh trí nar thuit an bhean síos act má deineadh ní raibh corp ná córtha istig annsan leis. Chuaidh an ráfla amach agus do leath an sgeál tímceall go raibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. bás (~1,076)
    Teanga
    Gaeilge