Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 069

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 069

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 069
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Oidhche dáraibh Denny Ó Néill sa tig againn...

    Oidhche dáraibh Denny Ó Néill sa tig againn bhíos ag foghluim an blúire filidheacta san - "There is a green island in Lone Gougane Barra". Dubhairt Denny go raibh sé i nGaedhluinn aige féin agus d'foghluimigheas cheithre bhéarsaí de uaidh:-
    I
    Tá oileáinín ghlas uaigneach i Loch Gugán Bharra
    Mar a dtosnuigheann an Laoi ar a slighe fé dhéin mara.
    Trí Chúin-Ruadh na bhfoilleach cum locha a s-geidheann sé
    Uisge ná sruthán anuas ó's na sleibhte
    'S ann fhásann an fhuinnseóg 's tá sean saileóg lubhtha
    Ag feachaint go dúr ar an uisge suairc dtonnach
    Ach ar nós leinbh uaibhreach ná gabhann suim in aoinne
    Sé luas-gann go fuadrach le h-eirighe na gréine
    II
    Tá na cnuic tímceall cíor-dhubh act siad a bhíonn gleineach
    Trí dhuibheadas mar oidhche le solas na gcaor ngeal
    Nuair phléascann an tóirneach gluaiseann srutháin chum reatha
    Dáltha saighdiúirí cródha i dtreó gleó an chatha
    Trí fothrom a's árd-ghlór na gaoithe atá ag "feadaig". (feaduiol)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge