Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)
- Suíomh:
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caolchoill
- XML Leathanach 044
- XML (gan teideal)
- XML “An Gadaí Glic”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Suas le ceithre fichid bliadhain ó shoin bhí duine bocht...”
(ar lean ón leathanach roimhe)rugadh ar Phaddy. Seactmhain na dhiaidh san tugadh chum na cúirte é agus ar nóin daoradh é. Seact mbliadhna i bpriosún an pionás do cuireadh air. Nuair a bhí sé ag fágaint na cúirt do chas sé ar an mBaróideach agus dubhairt. "A dhuine-uasail tá súil agam go mbuailfhimíd uime chéile arís agus geallaim duit nách mise bheidh ar lár an chead uair eile". Do ghlaoidh an breitheamh air agus in inead seact mbliadhna do cuireadh fiche bliadhan air. "Anois mo bhuacaill" arsan breitheamh leis "nuair a bheidh an tearma san caidhte i bpriosún agat ní bheidh aon fhonn troda ort. Níor mhair Paddy i bhfad sa phriosún mar bhí a lán fola tabhartha aige nuair do rugadh air agus níor fheácadh chuige in am. B'in é an críoch do rug ar an ngadaidhe ba chliste do bhí riamh roime sin ná riamh ó shoin sa cheanntar so- Bhí fear siubhal do ghlaodhach cúghainn go minic agus chodladh sé in ár dtigna agus seo sgéal dairígheas 'á innsint aige aon oidhche amháin.
Bhí bodaire de dhuine uasal ann uair agus tig mór aige. Bhí cuin agus gadhair aige. Bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)