Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)
- Suíomh:
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo sgéal d'airigheas ó Dhiarmuid i dtaobh an óir a shamhluig a lán do bhí i bhfolac no curtha in áit éigin tímceall Chaisleáin Charraig-an-Eas.
Ní rabih fhios ag an tseannacuidhe conus a cuireadh an tór ann acht b'é a thuairm féin gur b'é Domhnall Cam do chuir i bhfolach é sar ar fhág sé an Chaisleán nó sar ar eirig leis na Sasannaig é thiomáint amach as. Bhí súil aige go n-eirigheochadh leis filleadh ar an gcaisleán arís tráth éigin nuair bheadh na Sasannaig imtighthe agus an tór do bhreith leis. Ní raibh Dhiarmuid deimhinightheach ciaca bé Dómhnall do chuir ann é nó narbh é mar d airigheas é á rádh uair eile gur caith Dómhnall geatai an Chaisleáin, an tór agus gach rud dá raibh aige isteach san loch beag atá ar an d Túirín[?] níos túisge ná fágfhadh se 'na dhiaidh sa Chairleán iad agus iad do bheith ag na Sasannaig. Bhí fear a dubhairt sé ar an dTúirín[?] de muinntir Uí Shúilleabháin tráth éigin na dhiaidh san. agus chuir sé roimis an tór a ceapadh a bhí sa loch a thógaint as. Thosnuig sé ar díg mhór doimhin - seact no oct de throighthibh i ndoimineacht - a deanamh amach ón loc chun uisge an loca do sgaoileadh síos le fánaig. Nuair a bhí péirse no cúplá(leanann ar an chéad leathanach eile)