Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 007

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 007
  3. XML “Ór agus Airgead i bhFolach”
  4. XML “Coimeád a bhFaighir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Níor thóg sé aon tsórthainn díobh act iad do chaitheamh uaidh agus an cré do chaitheamn anuas orra.
    Um thráthnóinín thiar thall agus é cortha, tnáite traochta tar éis an lae do bhuail ceann eile leis.
    Thóg sé suas na láimh é acht thuit an sean bhosca as a chéile agus do thuit sé no seacht de phíosaibh airgid amach as anuas ar an dtalamh
    Bhí gach píosa cómh mór no beagaínín níos mo na sgilling. Ná theannta san do thuit píosa de seana-cheirt amach as. Istig san tseana-cheirt bhí bhúiríní de páipéar fillthe ar a chéile. Bhíodar gac ceann díobh - chómh mór le nota púint. Act níor bhfeidir a dhéanamh amach an raibh aon scríbhneóireacht orra mar bhíodhar chómh leaghacta san gur cuma nó snaois iad. Sin mar imthig airgead an duine bhoict seo agus is dócha a lán eile nách é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. III
    Seó comhairle a fuaras ó shean-duine bliadhanta ó shoin. Do thárla dom maidean Dómhnaig nuair a bhíos ag teacht aníos Árd-na-Táiliúra ag dul go dti an chéad Aifreann ar an gCaolcuill go bhfuarag nóta púint i lár an bhóthair. Dubhairt liom féin go raibh an t-ath lion acht mar sin féin do smaoineas nár liom é agus nár cheart dom é choiméad. Do stiúraig Dia mé, agus nuair a shroiseas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge