Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Ór agus Airgead i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    di cad do go raibh sí ag cuardach dearfadh sí "Ó mhuise a laogh níl aonnídh acht ceann de's na cearca beaga atá ag breith amuigh agus n'fheadar cá bhfuil an nead aice." B'fhíor di is dóca mar bí féin an cearc. Do lean an sgéal mar sin go raibh sí ar leabaidh a báis. Annsan do ghlaoich ceann de's na mnáibh sa chómharsanache isteach chúichi feachaint conus a bhí ag eirighe léi. Níor stad Síle an fhaid a's bhí an bean istigh acht ag cainnt léi féin agus anois agus arís deireach sí "O mhuise cár chuireas é? Ní aimseochadh go deó anois e." Sa deire thiar thall d'innis sí don mhnaoi a tháinig á feiscint go raibh roinnt beag airgid aici; gur chuir sí isteach i bhfaiméis stoca é agus gur sháidh sí é isteach i bpoll éigin i gclaidhe an gháirdín nó i náit éigin mar sin agus nár bhféidir léi é aimsiúghadh. Nuair a chualaidh na cómharsain é dubhradar gur spearraoidí an bháis a bhí uirri nuair a bhí sí 'ghá rádh san. Seadh. Fuair sí bás agus cuireadh í. Tamall éigin tar éis bás fhághail di do réabadh agus do strachad claidhe an gháirdín as a chéile agus fuair duine éigin an tairgead.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge